An t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil
Ag dul in airde: Tacaíocht don aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil
Tá slite éagsúla ag iar-bhunscoileanna chun eolas a bhailiú mar gheall ar dhaltaí nua a chláraíonn sa chéad bhliain. Slí amháin is ea cárta tuairisce an dalta ó rang a sé.
Conas cártaí tuairisce a lorg ó bhunscoileanna
Tar éis deimhniú a fháil go bhfuil dalta cláraithe in iar-bhunscoil, ba cheart do phríomhoide na hiar-bhunscoile iarratas i scríbhinn a chur chuig an mbunscoil ag lorg cárta tuairisce rang a sé an dalta (imlitir 0025/2012 na Roinne Oideachais agus Scileanna).
Faigh tuilleadh eolais faoi na hábhair don Phas Oideachais ar mian le hiarbhunscoileanna agus bunscoileanna iad a úsáid do 2013/2014
An t-eolas a gheofar ó chártaí tuairisce
Cabhraíonn cárta tuairisce rang a sé chun:
-
Tuairisc iomlán a thabhairt ar an dul chun cinn a rinne an dalta sa bhunscoil
-
Nearta agus laigí foghlama a aithint, agus pleanáil a dhéanamh dá réir
-
Pointe tagartha a sholáthar chun dul chun cinn dalta ina dhiaidh sin a chur i gcomparáid leis.
Cabhróidh an leathanach eolais seo (pdf) le hiar-bhunscoileanna ciall a bhaint as breithiúnas na mbunmhúinteoirí agus as na scóir i dtrialacha caighdeánaithe i gcártaí tuairisce rang a sé.
Forbairtí sa bhliain 2014/2015
Cuirfear foirm Achoimre ar Riachtanais Oideachais Speisialta ar an bPas Oideachais chun tacú le haistriú faisnéise faoi dhaltaí a bhfuil Riachtanais Oideachais Speisialta acu. Tá an fhoirm Achoimre ar Riachtanais Oideachais Speisialta faoi réir ag múnla leithdháilte do Riachtanais Oideachais Speisialta do scoileanna a bheith tugtha isteach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ba cheart do scoileanna leanúint lena socruithe áitiúla go dtí go mbeidh an fhoirm ar fáil.