Cláir Foghlama, Cáilíochtaí agus Uirlisí Úsáide ar Leibhéal 2
Dhá cháilíocht a bheidh ar fáil sa tsraith shóisearach nua.
Gabhfaidh ceann amháin acu áit an Teastais Shóisearaigh atá ann anois agus beidh sé ar Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Beidh an cháilíocht eile ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ionas nach féidir leo leas a bhaint as an Teastas Sóisearach. Beidh an cháilíocht sin ar Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Díreoidh cláir PLUnna ar an ngrúpa sin daltaí atá faoi mhíchumas ginearálta foghlama i gcatagóir na míchumas meánach ardfheidhmíochta agus i gcatagóir na míchumas éadrom ísealfheidhmíochta. Is beag dalta díobh sin atá ann (duine nó beirt de ghnáth i scoil ar bith, níos mó ná sin i scoileanna speisialta) agus bíonn Plean Oideachais Aonair dá gcuid féin acu. Bunófar na cláir foghlama ar Aonaid Foghlama Tosaíochta (PLUnna) ina ndéanfar bunscileanna, scileanna sóisialta agus scileanna réamhoibre na ndaltaí a fhorbairt.
Ceapadh na PLUnna i gcomhar le scoileanna atá ag obair cheana féin le daltaí sna grúpaí seo agus bhain an CNCM leas as a dtaithí siúd chun Uirlisí Úsáide le haghaidh cláir foghlama Leibhéal 2 a chur ar fáil do mhúinteoirí.
Táthar ag súil leis na Cláir Foghlama agus an cháilíocht a thabhairt isteach sna scoileanna sa bhliain 2014. Tá na hUirlisí Úsáide ar fáil ar bhonn trialach i láthair na huaire. Bheimis buíoch as aiseolas ar na hUirlisí chun gur féidir feabhsuithe a dhéanamh orthu idir seo agus an dáta seolta in 2014.
Gheofar na hUirlisí Úsáide ag
www.ncca.ie/level2toolkit