Ábhair
Cuid thábhachtach den tsraith shóisearach nua is ea na gearrchúrsaí. Beidh ceangal díreach idir iad agus na ráitis foghlama agus beidh tuairim is 100 uair an chloig d'am teagaisc i gceist iontu.
Beidh áit lárnach ag na hábhair i gcónaí sna cláir nua sraithe sóisearaí. Ceapfaidh an CNCM sonraíochtaí nua curaclaim le haghaidh na n-ábhar atá liostaithe sa tábla.
Beidh na sonraíochtaí nua ábhar sin bunaithe ar thorthaí agus sonraíochtaí aon leibhéal a bheidh ina bhformhór. Eisceacht air sin a bheidh sna sonraíochtaí Béarla, Gaeilge agus Matamaitice, mar a mbeidh dhá leibhéal i gceist, Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal.
*
Rinneadh athbhreithniú ar Laidin, Gréigis agus Léann Clasaiceach an teastais shóisearaigh sa bhliain 2010. Cinneadh iad a chumasc in aon ábhar amháin ar dtugtar na Clasaicí. Beidh an t-ábhar nua seo san áireamh sa tsraith shóisearach nua.