Cinneadh cur leis an gcomhairliúchán chun plé agus leathnú machnaimh a dhéanamh ar na ceisteanna agus moltaí a tháinig chun solais san aiseolas go dtí sin.
Reáchtáladh fóram comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara ar an 7 Deireadh Fómhair, 2015. Scaipeadh cuirí ar eagraíochtaí Gaeilge, ar fhorais bhainistíochta scoileanna, ar oideachasóirí tríú leibhéal, ar eagraíochtaí ionadaíoch ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí agus ar scoileanna. Bhí breis agus 60 rannpháirtí i láthair ag an bhfóram idir pháirtithe leasmhara na Gaeilge agus an oideachais.
Bhí sé mar aidhm ag an bhfóram aghaidh a thabhairt ar an gceist maidir le conas is féidir an freastal is fearr a dhéanamh ar an réimse leathan inniúlacht agus chumas teanga atá ann i measc scoláirí Gaeilge sa tsraith shóisearach tríd an soláthar curaclaim; sonrúchán comónta a sholáthar do gach scoláire (le leibhéil éagsúla san áireamh) nó sonrúchán ar leith do scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus sonrúchán ar leith do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. D’eascair an dá fhéidearthacht a pléadh ag an bhfóram comhairliúcháin as aiseolas agus dearcthaí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin go dtí sin. Thug an tOllamh Muiris Ó Laoire spléachadh ar an dá fhéidearthacht ag an bhfóram.
Toradh
I bhfianaise na bhfreagraí ón suirbhé, na haighneachtaí, na grúpaí fócais a reáchtáladh go dtí sin mar aon leis an bplé ag an bhFóram faoin dá fhéidearthacht is léir n-aontaíodh gur gá:
-
an leanúnachas is mó agus is féidir a chothú le cúrsaí ag leibhéal na bunscoile
-
an deis a thapú chun freastal ar shainriachtanais foghlama na scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
Mar thoradh, cinneadh díriú ar fhorbairt dhá shonraíocht ar leith don Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sóisearaí.
Tá Meitheal Forbartha na Gaeilge ag obair ar dhá shonraíocht ar leith anois; sonraíocht do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus sonraíocht do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.