Gearrchúrsaí Cuid thábhachtach den tsraith shóisearach athchóirithe is ea na gearrchúrsaí. Tá ceangal díreach idir iad agus na ráitis foghlama agus tá tuairim is 100 uair an chloig d'am teagaisc i gceist iontu. Rinne an CNCM naoi ngearrchúrsaí a fhorbairt is féidir le scoileanna a úsáid 'díreach mar atá siad' i gclár na sraithe sóisearaí s’acu. Ach is féidir le scoileanna a ngearrchúrsa féin a cheapadh go háitiúil de réir teimpléid, treoirlínte agus caighdeáin atá leagtha síos ag an CNCM. Is féidir suas le ceithre ghearrchúrsa a áireamh sa Teastas Scoile nua. Gearrchúrsaí Oideachas Sibhialta, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) Corpoideachas Codú Tionscadal Pearsanta: Cúram d'Ainmhithe Eolaíocht Fhóiréinseach a Fhiosrú Litearthacht sna meáin dhigiteacha Teanga agus Cultúr na Síne Taibhiú Ealaíne