Tá an tréimhse comhairliúcháin tagtha chun deiridh anois ach is féidir le múinteoirí leas a bhaint as an ábhar seo i gcónaí lena gcuid scoláirí a ghríosadh le plé a dhéanamh ar na páipéir chúlra agus ar na dréacht-gearrchúrsaí.
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tá CNCM ag tabhairt cuiridh do mhúinteoirí cleachtadh fócasghrúpa a dhéanamh lena gcuid scoláirí chun aischothú a bhaint astu ar an gcúrsa seo. Cuirfidh an t-aiseolas a fhaighimid ó bhur gcuid scoláirí bonn faoi leagan deiridh an ghearrchúrsa. Admhófar rannpháirtíocht bhur scoláirí sa tuarascáil chomhairliúcháin.
Chun cabhrú leat chruthaíomar:
-
Seisiún imlíneach don fhócasghrúpa
-
Cur i láthair gairid (ar fáil faoi dhá leagan de Chumhachtphointe) chun inneachar molta an ábhair a mhíniú do scoláirí
-
Nasc suirbhé aiseolais