Tacaíonn an rannán seo de na huirlisí úsáide le cur chuige don scoil uile i leith forbairt ghairmiúil agus forbairt acmhainne trí chleachtas éifeachtach measúnú leanúnach a fhorbairt a chabhraíonn le foghlaim scoláirí.
Dearadh na ceardlanna le go bhféadfaí iad a úsáid ar dhóigh sholúbtha thart ar cheithre thopaic:
-
Intinní foghlama agus critéir ratha
-
Ceistiúchán éifeachtach
-
Aiseolas foirmitheach
-
Scoláirí ag machnamh ar a gcuid foghlama
Beidh Treoirleabhar an Eascaitheora ina chuidiú agat mar phointe tosaithe. Ba mhór againn do chuid aiseolais agus dearcthaí a fháil maidir le conas a bhaineann tú leas as na hábhair seo. Bheadh muid buíoch díot roinnt ama a thógáil chun an fhoirm ghairid mheastóireachta seo a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig an CNCM.
Tá sé i gceist go n-úsaidfí an t-ábhar leis an bhfoireann iomlán agus tá sé mar aidhm aige machnamh agus plé a spreagadh ar an gcaoi ar féidir le múinteoirí feabhas a chur ar a gcleachtas measúnaithe. Tugann na ceardlanna deis do mhúinteoirí a bheith ag plé lena gcuid foghlama féin. Tá an cur chuige seo bunaithe ar thaighde gur mó go mór an seans go n-athróidh múinteoirí a gcleachtas má théann siad féin i ngleic dáiríre leis an bpróiseas.
Measúnú Múnlaitheach Leabaithe
Sa ghearrfhíseán seo míníonn Dylan Wiliam 5 rudaí is féidir le múinteoirí a dheranamh chun foghlsima scoláirí a dhéanamh níos fearr .
(6 nóim. 20)
Tá cleachtas rathúil ag titim amach i scoileanna cheana, agus múinteoirí ag úsáid raon cuir chuige chun measúnú leanúnach a dhéanamh ina gcuid seomraí ranga. Tá súil againn go mbeidh na hábhair seo ina gcuidiú agus go dtacóidh siad le cleachtais measúnú leanúnach a chabhraíonn le foghlaim